Philips 22PFH4109/88 User Manual

Page of 72
10
Uaineadóirí agus clog
10.1
Uaineadóir codlata
Is féidir leat an teilifís a shocrú chun athrú go dtí an staid
fuireachais go huathoibríoch tar éis tréimhse ama shainiúil leis an
amadóir codlata.
Chun an t-uaineadóir codlata a shocrú . . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh 
Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > 
Uaineadóir codlata.
Is féidir leat an t-am a shocrú ar feadh sus le 180 nóiméad in
eatraimh de 5 nóiméad leis an mbarra sleamhnáin. Má
shocraítear go 0 nóiméad é, castar an t-uaineadóir codlata as. Is
féidir leat i gcónaí do theilifís a chasadh as níos luaithe nó an t-
am a athshocrú i rith an chomhairimh síos.
3. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
10.2
Clog
Chun an t-am a fháil, brúigh 
  TV GUIDEchun an t-am a fháil
san eolaire teilifíse.
I roinnt tíortha, ní sheolann craoltaí digiteacha eolas UTC - Am
Uilíoch Lárnach. D'fhéadfaí neamhaird a dhéanamh d'Am
Coigilte Sholas an Lae agus d'fhéadfadh an teilifís am mícheart a
thaispeáint.
Chun clog na teilifíse a cheartú . . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh 
Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > 
Clog > Mód uath-chloig agus roghnaigh Ag brath ar an tír.
3. Roghnaigh 
Am coigilte sholas an lae agus roghnaigh an socrú
cuí.
 
10.3
Múch go huathoibríoch
Mura mbrúfaidh tú aon eochair ar an gcianrialtán i rith thréimhse
4 huaire, nó mura bhfaigheann an teilifís aon chomhartha
ionchuir ná orduithe ón gcianrialtán ar feadh 10 nóiméad, casann
an teilifís as go huathoibríoch chun fuinneamh a shábháil.
Má úsáideann tú an teilifís mar mhonatóir nó má úsáideann tú
glacadóir digiteach chun féachaint ar an teilifís (Bosca bairr - STB)
agus mura n-úsáideann tú cianrialtán na teilifíse, ba cheart duit an
socrú chun an gléas a chasadh as go huathoibríoch a
díghníomhachtú.
Chun an 
Uath-Chasadh as a dhíghníomhachtú . . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh 
Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Uath-
Chasadh as agus athraigh an barra sleamhnáin go 
0 (As).
3. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
 
33