Philips 22PFH4109/88 User Manual

Page of 72
15
Fabhtcheartú agus
tacaíocht
15.1
Fabhtcheartú
Cainéil
Níor aimsíodh aon chainéal digiteach i rith na suiteála
 
 
Féach ar na sonraíochtaí teicniúla chun a chinntiú go dtacaíonn
do theilifís le DVB-T nó DVB-C i do thír.
Cinntigh go bhfuil na cáblaí nasctha i gceart agus go bhfuil an
líonra ceart roghnaithe.
Níl na cainéil a suiteáladh roimhe seo sa liosta cainéal
 
 
Cinntigh go bhfuil an liosta cainéal ceart roghnaithe.
Ginearálta
Ní chasann an teilifís air
 
 
- Tarraing an cábla cumhachta amach as an asraon cumhachta.
Fan ar feadh nóiméid agus ansin cuir isteach arís é.
- Cinntigh go bhfuil an cábla cumhachta nasctha go daingean.
Tá fuaim dhíoscánach ann nuair a chastar air nó as é
 
 
Nuair atá tú ag casadh an teilifís air, as nó ar Fhuireachas,
cloiseann tú fuaim dhíoscánach ó fhonnadh na teilifíse. Is mar
gheall ar ghnáthleathadh agus cungú na teilifíse an fhuaim
dhíoscánach sin, agus an teilifís ag fuarú agus ag téamh. Ní
chuireann sé isteach ar fheidhmíocht.
Ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán
 
 
Teastaíonn roinnt ama ón teilifís tosú. I rith an ama sin, ní
fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán ná do rialcuithe na teilifíse.
Gnáthiompar é sin.
Má leanann an teilifís gan freagairt don chianrialtán, is féidir leat
seiceáil an bhfuil an cianrialtán ag obair trí úsáid a bhaint as
ceamara ar fhón soghluaiste. Cuir an fón i mód ceamar agus
pointeáil an cianrialtán i dtreo lionsa an cheamara. Má bhrúnn tú
aon eochair ar an gcianrialtán agus má thugann tú faoi deara
caochaíl infridhearg an LED tríd an gceamara, tá an cianrialtán ag
obair. Ní mór an teilifís a sheiceáil.
Mura bhfuil an chaochaíl le tabhairt faoi deara, d'fhéadfadh an
cianrialtán a bheith briste nó d'fhéadfadh a gceallraí a bheith
briste.
Ní féidir an modh seo chun an cianrialtán a sheiceáil a úsáid le
cianrialtáin atá péireáilte leis an teilifís gan sreang.
Téann an teilifís ar ais go Fuireachas tar éis scáileán tosaithe
Philips a thaispeáint
 
 
Nuair atá an teilifís i bhFuireachas, taispeántar scáileán tosaithe
Philips, ansin filleann an teilifís ar mhód Fuireachais. Gnáthiompar
é sin. Nuair a dínasctar an teilifís agus nuair a nasctar arís í leis an
soláthar cumhachta, taispeántar an scáileán tosaithe an chéad
uair eile a thosaítear í. Chun an teilifís a chasadh ó Fhuireachas,
brúigh ar an gcianrialtán nó ar an teilifís.
Coinníonn an solas fuireachais leis ag caochaíl
 
 
Bain an cábla cumhachta amach as an asraon cumhachta. Fan 5
nóiméad sula nascann tú an cábla cumhachta arís. Má tharlaíonn
an chaochaíl arís, déan teagmháil le Philips TV Consumer Care.
Teanga mhícheart roghchláir
 
 
Athraigh an teanga ar ais do do theanga féin.
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh 
Socruithe teilifíse >Socruithe ginearálta > Teanga
roghchláir agus brúigh OK.
3. Roghnaigh an teanga atá uait agus brúigh 
OK.
4. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Pictiúr
Gan pictiúr / pictiúr díchumtha
 
 
- Cinntigh go bhfuil an aeróg nasctha leis an teilifís i gceart.
- Cinntigh go bhfuil an gléas ceart roghnaithe mar an fhoinse
taispeána.
- Cinntigh go bhfuil an gléas nó foinse sheachtrach nasctha i
gceart.
Tá fuaim ann ach níl aon phictiúr
 
 
- Cinntigh go bhfuil na socruithe pictiúr socraithe i gceart.
Glacadh aeróige lag
 
 
- Cinntigh go bhfuil an aeróg nasctha leis an teilifís i gceart.
- Tá callairí arda, gléasanna fuaime nach bhfuil talmhaithe, soilse
neon, foirgnimh arda agus rudaí móra eile in ann tionchar a imirt
ar chaighdeán an ghlactha. Más féidir, déan iarracht caighdeán an
ghlactha a fheabhsú trí threo na haeróige a athrú nó gléasanna a
bhogadh amach ón teilifís.
- Má tá an glacadh go dona díreach ar chainéal amháin, déan
míntiúnadh ar an gcainéal sin.
Drochphictiúr ó ghléas
 
 
- Cinntigh go bhfuil an gléas nasctha i gceart.
- Cinntigh go bhfuil na socruithe pictiúr socraithe i gceart.
Athraíonn socruithe pictiúr tar éis scathaimh
 
 
Cinntigh go bhfuil 
 Location  socraithe do  Home. Is féidir
socruithe a athrú agus a shábháil sa mhód seo.
Tá meirge tráchtála ar taispeáint
 
 
Cinntigh go bhfuil  
Location socraithe do Home.
Ní oireann an pictiúr don scáileán
 
 
65