Philips 22PFH4109/88 User Manual

Page of 72
Athraigh go formáid pictiúr éagsúil. Brúigh 
.
Coinníonn an fhormáid pictiúr air ag athrú ó chainéal go
cainéal
 
 
Roghnaigh formáid pictiúr nach mbaineann 'Uath' leis.
Tá suíomh an phictiúir mícheart
 
 
D'fhéadfadh sé tarlú nach n-oireann comharthaí pictiúr ó
ghléasanna áirithe don scáileán i gceart. Seiceáil aschur
comhartha an ghléis nasctha.
Níl an pictiúr ríomhaire cobhsaí
 
 
Cinntigh go n-úsáideann do ríomhaire an taifeach agus ráta
athnuacha a dtacaítear leo.
Fuaim
Gan aon fhuaim nó droch-chaighdeán fuaime
 
 
Mura mbraitear aon chomhartha fuaime, casanna an teilifís an
aschur fuaime as go huathoibríoch — ní chiallaíonn sé sin
mífheidhm.
- Cinntigh go bhfuil na socruithe fuaime socraithe i gceart.
- Cinntigh go bhfuil gach cábla nasctha i gceart.
- Cinntigh nach bhfuil an airde fuaime balbhaithe nó socraithe go
nialas.
- Cinntigh go bhfuil ascur fuaime na teilifíse nasctha le hionchur
fuaime an Chóras Amharclainne Baile. 
Ba cheart go mbeadh fuaim le cloisteáil ó challairí an HTS.
- D'fhéadfadh roinnt gléasanna iarraidh ort aschur fuaime HDMI
a chumasú de láimh. Má tá fuaim HDMI cumasaithe cheana féin,
ach fós ní chloiseann tú aon fhuaim, bain triail as an fhormáid
fuaime digití a athrú go PCM (Modhnú Bíogchóid). Féach ar an
gcáipéisíocht a tháinig le do ghléas le haghaidh treoracha.
Naisc
HDMI
 
 
- Tabhair faoi deara go bhféadfadh tacaíocht HDCP (Cosaint
Ábhar Digiteach Ard-Bandaleithead) in ann moill a chur ar an
méid ama a thógann sé do theilifís ábhar ó ghléas HDMI a
thaispeáint.
- Mura n-aithníonn an teilifís an gléas HDMI agus mura bhfuil aon
phictiúr ar taispeáint, athraigh an fhoinse ó ghléas amháin go
gléas eile agus ar ais arís.
- Má chuirtear isteach ar an bhfuaim go heatramhach, cinntigh go
bhfuil na socruithe aschuir ón ngléas HDMI ceart.
- Má tá cuibheoir HDMI-go-DVI nó cábla HDMI-go-DVI in úsáid
agat, cinntigh go bhfuil cábla fuaime breise nasctha le AUDIO IN
(mion-seac amháin), más ann dó.
Ní oibríonn EasyLink
 
 
- Cinntigh go bhfuil do ghléasanna HDMI comhoiriúnach le
HDMI-CEC. Ní oibríonn gnéithe EasyLink ach amháin le
gléasanna atá comhoiriúnach le HDMI-CEC.
Níl an deilbhín don airde fuaime ar taispeáint
 
 
- Gnáth-iompar é sin nuair atá gléas fuaime HDMI-CEC naschta.
Ní thaispeántar grianghraif, físeáin agus ceol ó ghléas USB
 
 
- Cinntigh go bhfuil an gléas stórála USB socraithe chun a bheith
comhoiriúnach le hAicme Ollstórála, mar atá curtha síos air i
gcáipéisíocht an ghléis stórála.
- Cinntigh go bhfuil the gléas stórála USB comhoiriúnach leis an
teilifís.
- Cinntigh go dtacaíonn an teilifís na formáidí comhaid fuaime
agus pictiúir.
Athsheinnt briste comhad USB
 
 
- D'fhéadfadh feidhmíocht aistrithe an ghléis stórála USB srian a
chur ar an ráta aistrithe sonraí chuig an teilifís, a bhfuil athsheinnt
briste mar thoradh uirthi.
15.2
Cláraigh
Cláraigh do theilifís agus bain leas as raon tairbhí lena n-áirítear
tacaíocht iomlán (íoslódálacha san áireamh), rochtain
phribhléideach a fháil ar fhaisnéis maidir le táirgí nua, tairiscintí
agus lascainí eisiacha agus an deis duaiseanna a bhuachan agus fiú
páirt a ghlacadh i suirbhéanna speisialta faoi eisiúintí nua.
Tabhair cuairt ar 
www.philips.com/welcome 
15.3
Cabhair
Tugann an teilifís seo cabhair ar an scáileán.
Oscail Cabhair
 
 
1. Brúigh 
 chun an roghchlár Baile a oscailt.
2. Roghnaigh 
Cabhair agus brúigh OK.
 
UMv 410012140209 - 20140318
15.4
Cabhair ar líne
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne chun aon
fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a réiteach. Is féidir leat do
theanga a roghnú agus uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt ar
www.philips.com/support.
Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil linn i do
thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta, chomh maith le
66