Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
seo. Má shloigtear an ceallra cille seo, tá sé in ann a
bheith ina údar do dhónna diana inmheánacha
laistigh de 2 uair agus d'fhéadfaí bás a fháil.
• Coinnigh ceallraí nua agus úsáidte in áit nach bhfuil
leanaí in ann lámh a leagan orthu.
• Mura ndúnann raca na gceallraí i gceart, éirigh as
úsáid an táirge agus coinnigh amach ó leanaí é.
• Má cheapann tú gur sloigeadh ceallraí nó gur
cuireadh laistigh d'aon chuid den cholainn iad, iarr
cóir leighis láithreach.
21.3
Ag féachaint ar 3D
Tosaigh ag Féachaint ar 3D
Nuair a athraíonn an teilifís go 3D nó nuair atá fógra ar
taispeáint go bhfuil 3D ar fáil, cuir ort do spéaclaí 3D.
Mura bhfuil an teilifís in ann an comhartha 3D a
bhraith (tá an clib comhartha 3D ar iarraidh),
taispeántar an clár 3D mar íomhá dhúbáilte ar an
scáileán. Ní mór duit 3D a chasadh air de láimh…
Chun 3D a chasadh air de láimh…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Formáid 3D   agus
brúigh  OK.
2 -  Chun an socrú cuí a roghnú chun pictiúr cruinn 3D
a fháil. Is féidir leat  3D - Taobh le Taobh,  3D - Barr/
Bun,  3D - Taobh le Taobh Inbhéartaithe, nó  3D -
Barr/ Bun Inbhéartaithe a roghnú, ansin brúigh  OK. 
Chun éirí as féachaint ar 3D…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Formáid 3D   agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh 2D agus brúigh OK. 
Athraítear 3D go 2D freisin nuair a athraíonn tú go
cainéal eile nó go gléas nasctha.
Lascadh Uathoibríoch
Is féidir leat do rogha a shocrú maidir leis an gcaoi 3D
a thosú sa todhchaí an chéad uair a bhraitear
comhartha 3D. Is féidir leat an socrú seo a athrú sa
roghchlár Suiteáil ina dhiaidh sin.
• Chun athrú go 3D go huathoibríoch, roghnaigh 
Uathoibríoch.
• Chun fógra a thaispeáint ar dtús, roghnaigh Fógra
amháin.
• Chun nach n-athrófar go 3D go deo, roghnaigh Go
Deo. 
Chun an socrú seo a athrú…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh Pictiúr agus brúigh 
 (deas) chun an
roghchlár a oscailt.
3 -  Roghnaigh  3D >  Athraigh go 3D agus cliceáil 
Uathoibríoch, Fógra amháin nó Go Deo.
4 -  Brúigh 
 (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Cruthaigh 3D ó 2D
Is féidir leat féachaint ar 3D i gcónaí le Tiontú 2D go
3D. Cruthaíonn an teilifís 3D go saorga ó chomhartha
2D. 
Chun féachaint ar 3D ó chomhartha 2D…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Formáid 3D   agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Tiontú 2D go 3D, ansin
brúigh  OK. Cuir ort do spéaclaí 3D.
3 -  Brúigh 
 (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh. 
Chun tiontú 2D go 3D a chasadh as...
1 -  Brúigh 
.
2 -  Roghnaigh Formáid 3D > 2D,ansin brúigh OK. 
21.4
Féachaint 3D is fearr
Chun an t-eispéireas 3D féachana is fearr a fháil,
molaimid duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• suí ar a laghad achar ón teilifís atá 3 oiread airde
scáileán na teilifíse, ach gan suí níos faide ná 6
méadar uaidh.
• soilsiú fluaraiseach (cosúil le soilsiú TL nó bolgáin
solais áirithe atá tíosach ar fhuinneamh agus a
oibríonn ar mhinicíocht íseal) agus solas díreach na
gréine a sheachaint, mar go bhféadfaidís cur isteach
ar an eispéireas 3D.
21.5
Cúram a thabhairt do na
Spéaclaí 3D
• Ná húsáid ceimiceáin ghlanta a bhfuil alcól,
tuaslagóir nó dromchlaghníomhaí iontu, nó céir,
beinséin, tanaitheoir, éarthach muiscíte nó bealadh.
Tá dídhathú nó scoilteanna in ann tarlú má úsáidtear
na ceimiceáin sin.
• Ná nocht na spéaclaí 3D do sholas díreach na
gréine, do thine ná do huisce. D'fhéadfadh mífheidhm
táirge nó tine a bheith mar thoradh air sin.
• Ná lig do na spéaclaí 3D titim ar an urlár, ná lúb iad
agus ná cuir brú ar lionsaí na spéaclaí 3D.
• Úsáid ceirt ghlan bhog (micrisnáithín nó flainín
cadáis) chun na lionsaí a ghlanadh ionas nach
scrabhfar iad. Ná spraeáil ábhar glanta díreach ar na
70