Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
22
Ilamharc
22.1
Maidir le hIlamharc
Ní féidir leis an scáileán Ilamharc fís a thaispeáint in
3D nó in Ultra HD. Níl Ilamharc ar fáil do chainéil
teilifíse analógacha. Ní thacaíonn gach Feidhmchlár le
hIlamharc.
22.2
Téacs agus Teilifís
Is féidir leat féachaint ar chainéal teilifíse i scáileán
beag Ilamharc nuair atá tú ag féachaint ar Théacs.
Chun féachaint ar chainéal teilifíse agus tú ag
féachaint ar Théacs…
1 -  Brúigh 
 MULTI VIEW .
2 -  Roghnaigh Ilamharc: Air ar an scáileán.
Taispeánfar an cainéal a raibh tú ag féachaint air sa
scáileán beag. 
Chun an scáileán beag a chur i bhfolach, brúigh 
 MULTI VIEW  arís agus roghnaigh   Ilamharc:. As  ar
an scáileán.
22.3
Nettv agus Teilifís
Is féidir leat féachaint ar chainéal teilifíse i scáileán
beag Ilamharc nuair atá tú ag féachaint ar
fheidhmchlár Nettv sa nGailearaí Feidhmchlár.
Chun féachaint ar chainéal teilifíse agus tú ag
féachaint ar fheidhmchlár Nettv sa nGailearaí
Feidhmchlár*…
1 -  Brúigh 
 MULTI VIEW .
2 -  Roghnaigh  Ilamharc: Air ar an scáileán.
Taispeánfar an cainéal a raibh tú ag féachaint air sa
scáileán beag.
3 -  Brúigh 
   nó     chun cainéil sa scáileán
beag a athrú
Chun an scáileán beag a chur i bhfolach, brúigh 
 MULTI VIEW  arís agus roghnaigh   Ilamharc:. As  ar
an scáileán.
* Níl gach feidhmchlár Nettv in ann tacú le hIlamharc
le cainéal teilifíse. Mura bhfuil an feidhmchlár in ann
tacú le hIlamharc, taispeánfar teachtaireacht ar an
teilifís:  Ní thacaítear le hIlamharc.
22.4
HDMI agus teilifís
Is féidir leat féachaint ar chainéal teilifíse i scáileán
beag Ilamharc nuair atá tú ag féachaint ar fhíseán ó
ghléas HDMI nasctha.
Chun féachaint ar chainéal teilifíse agus tú ag
féachaint ar fhíseán ó ghléas HDMI nasctha*…
1 -  Brúigh 
 MULTI VIEW .
2 -  Roghnaigh  Ilamharc: Air ar an scáileán.
Taispeánfar an cainéal a raibh tú ag féachaint air sa
scáileán beag. 
Chun an scáileán beag a chur i bhfolach, brúigh 
 MULTI VIEW  arís agus roghnaigh   Ilamharc:. As  ar
an scáileán.
* Ní féidir leat ach féachaint ar íomhá an chainéil
teilifíse i mód Ilamhairc. Ní bheidh fuaim an chainéil
teilifíse le cloisteáil.
72