Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
spéaclaí 3D go deo. D'fhéadfadh sé dochar a
dhéanamh do na leictreonaic (i gcás spéaclaí 3D
Gníomhach).
• Ná húsáid ceimiceáin ghlanta a bhfuil alcól,
tuaslagóir nó dromchlaghníomhaí iontu, nó céir,
beinséin, tanaitheoir, éarthach muiscíte nó bealadh.
Tá dídhathú nó scoilteanna in ann tarlú má úsáidtear
na ceimiceáin sin.
21.6
Rabhadh Sláinte
• Ní mholtar go bhféachfaidh leanaí atá níos óige ná
sé bliana d'aois ar 3D.
• Má tá stair titimis nó taomanna fótamhothálacha
agat féin ná ag do theaghlach, téigh i gcomhairle le
proifisiúnach leighis sula nochtann tú tú féin d'fhoinsí
soilse gealánacha, sraitheoga íomhánna tapaidh nó
d'fhéachaint 3D.
• Má tharlaíonn sé go bhfuil tú míchompordach, éirigh
as a bheith ag féachaint ar 3D agus ná gabh
láithreach le haon ghníomhaíocht a d'fhéadfadh a
bheith contúirteach (carr a thiomáint, mar shampla)
go dtí go mbeidh do chuid siomptóm imithe. Má
mhaireann na siomptóim, ná féach ar 3D arís gan dul i
gcomhairle le proifisiúnach leighis i dtosach.
• Molaimid gan féachaint ar 3D ar feadh tréimhsí fada
chun míchompord cosúil le meadhrán, tinneas cinn
nó mearbhall a sheachaint.
• Ná húsáid na spéaclaí 3D ach amháin chun
féachaint ar theilifís 3D.
• Má chaitheann tú spéaclaí ceartúcháin nó má
úsáideann tú lionsaí tadhaill go hiondúil, caith na
spéaclaí 3D chomh maith leis na spéaclaí nó na
lionsaí sin.
• Coinnigh na spéaclaí amach ó leanaí beaga ar
fhaitíos go slogfaidís páirteanna beaga nó ceallraí.
• Ba cheart do thuismitheoirí súil a choinneáil ar a
gcuid leanaí nuair atá siad ag féachaint ar 3D agus
cinntiú nach bhfuil aon mhíchompord orthu, mar a
luadh thuas. Ní mholtar do leanaí níos óige ná 6
bliana féachaint ar 3D mar nach bhfuil a gcóras
amhairc forbartha go hiomlán fós.
• Seachain úsáid na spéaclaí 3D i gcás ionfhabhtú súl
nó galair eile a tharchuirtear trí theagmháil (m.sh.
toinníteas, míolta cloiginn, etc.). Ná húsáid na spéaclaí
3D arís go dtí go mbeidh an ionfhabhtú imithe go
hiomlán.
71