Philips 22PFH4109/88 User Manual

Page of 72
3
Naisc
3.1
Leideanna maidir le naisc
Treoir maidir le nascacht
Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde caighdeáin
atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar chaighdeán maith chun a
chinntiú
go mbeidh aistriú maith pictiúr agus fuaimeanna ann..
Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a nascadh leis
an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt ar threoir nascachta
Philips TV. Tugann an treoir eolas maidir leis an gcaoi nascadh
agus maidir leis na cáblaí atá le húsáid. 
Téigh go dtí 
www.connectivityguide.philips.com
Aeróg
Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán agat, nasc
cáblaí na haeróige chun comhartha na haeróige a rith tríd an
mBosca bairr agus/nó an Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh
sé an teilifís. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca
bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an Taifeadán le
haghaidh a dtaifeadta.
HDMI
HDMI CEC
Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le nasc
HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime araon le chéile in
aon chábla HDMI amháin. Úsáid cábla HDMI le haghaidh
comharthaí teilifíse Ardghléine (HD) nó Full HD (FHD). Úsáid
cábla HDMI Ardluais chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil
agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.
EasyLink HDMI CEC
 
 
Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá EasyLink acu, is
féidir leat iad a oibriú leis an gcianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink
HDMI CEC a chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.
DVI go HDMI
 
 
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do ghléas ach nasc
DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI agus cuir cábla Fuaime
Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm) isteach san Audio In le haghaidh
fuaime, ar chúl na teilifíse.
Cosaint ar chóipeáil
 
 
Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar
Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar
chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca
DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM
(Bainistíocht Ceart Digiteach).
HDMI ARC
Tá HDMI ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag an nasc HDMI 1 ar an
teilifís. Má tá nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar gnách gur
Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le haon cheann de na
naisc HDMI 1 ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime
breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat
nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc
HDMI ARC.
Sa chás gur fearr leat ARC a chasadh as ar na naisc HDMI,
brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh 
Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > HDMI 1 - ARC.
SCART
Nasc ar chaighdeán maith é SCART. Is féidir an nasc SCART a
úsáid le haghaidh comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é
a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Bíonn
idir comharthaí físe agus fuaime i gceist leis an nasc SCART.
Úsáid an cábla cuibheora SCART chun do ghléas a nascadh.
6