Philips 22PFH4109/88 User Manual

Page of 72
 
Fuaim Amach - Optúil
Nasc ar ardchaighdeán é Fuaim Amach - Optúil. Tá an nasc
optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar. Mura bhfuil nasc
HDMI ARC ag do ghléas, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile
(HTS) é, is féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Optúil -
Fuaim Amach ar an HTS. Seolann an nasc Optúil - Fuaim Amach
an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
Is féidir leat cineál an chomhartha fuaime amach a shocrú chun
dul in oiriúint do chumais fuaime do Chóras Amharclainne Baile.
Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an scáileán, is
féidir leat an sioncronú fuaime go físe a choigeartú.
3.2
EasyLink HDMI CEC
EasyLink
Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na teilifíse le
EasyLink. Úsáideann EasyLink HDMI CEC (Consumer Electronics
Control) chun cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha.
Ní mór do ghléasanna tacú le HDMI CEC agus a bheith nasctha
le nasc HDMI.
Suiteáil EasyLink
 
 
Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go bhfuil na
socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na gléasanna EasyLink
atá nasctha. Tá an seans ann nach n-oibreoidh EasyLink le
gléasanna ó bhrandaí eile.
HDMI CEC ar bhrandaí eile
 
 
Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC ar bhrandaí
éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet, Aquos Link, Bravia Theatre
Sync, Kuro Link, Simplink agus Viera Link. Níl gach branda
comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink.
Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI CEC .
Gléasanna a oibriú
Chun gléas atá nasctha le HDMI a oibriú agus é a shuiteáil le
EasyLink, roghnaigh an gléas - nó a ghníomhaíocht - sa liosta nasc
teilifíse. Brúigh 
 SOURCES, roghnaigh gléas atá nasctha le
nasc HDMI agus brúigh 
OK.
Chomh luath is a bheidh an gléas roghnaithe, is féidir le
cianrialtán na teilifíse an gléas a rialú. Mar sin féin, ní chuirtear ar
aghaidh chuig an ngléas na heochracha 
 agus  OPTIONS
agus roinnt méaracha teilfíse eile.
Mura bhfuil an eochair atá uait ar chianrialtán na teilifíse, is féidir
leat an eochair a roghnú sa roghchlár Roghanna.
Brúigh 
 OPTIONS agus roghnaigh Rialuithe ar an mbarra
roghchláir. Roghnaigh an eochair gléis atá uait ar an scáileán agus
brúigh 
OK.
Tá an seans ann nach mbeidh roinnt méaracha gléis an-sainiúil ar
fáil sa roghchlár Rialtáin.
Nóta: Ní fhreagróidh ach gléasanna a thacaíonn leis an bhfeidhm 
cianrialtán Easylink do chianrialtán na teilifíse.
 
Socruithe EasyLink
Tagann an teilifís le gach socrú EasyLink casta air. Is féidir leat aon
socrú EasyLink a chasadh as go neamhspleách.
EasyLink
 
 
Chun EasyLink a chasadh as go hiomlán . . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
7