Philips 22PFH4109/88 User Manual

Page of 72
2. Roghnaigh 
Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > 
Easylink.
3. Roghnaigh 
EasyLink.
4. Roghnaigh 
As agus brúigh  OK.
5. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Cianrialtán EasyLink
 
 
Má theastaíonn uait go mbeidh cumarsáid idir gléasanna ach níl
tú ag iarraidh iad a oibriú le cianrialtán na teilifíse, is féidir leat
cianrialtán EasyLink a chasadh as leis féin.
Is féidir leat ilghléasanna atá oiriúnach le HDMI-CEC a rialú le
cianrialtán do theilifíse.
I roghchlár socruithe EasyLink, roghnaigh 
Cianrialtán EasyLink 
agus roghnaigh 
As.
Seinn aon-iarracht
 
 
Nuair a sheinneann tú gléas atá oiriúnach le HDMI-CEC,
athraíonn an teilifís ó fuireachas go dtí an fhoinse cheart.
Fuireachas aon-iarracht
 
 
Nuair a bhrúnn tú 
 ar chianrialtán na teilifíse, athraíonn an
teilifís agus gach gléas atá oiriúnach le HDMI-CEC go dtí mód
fuireachais.
Rialú fuaime córais
Má nascann tú gléas atá oiriúnach le HDMI-CEC a bhfuil callairí
san áireamh leis tríd an nascóir HDMI ARC, is féidir leat an rogha
a dhéanamh fuaim na teilifíse a chloisteáil ó na callairí sin seachas
callairí na teilifíse.
3.3
Comhéadan Coiteann - CAM
CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le scannáin agus
cláir spóirt atá curtha ar fáil ag craoltóirí teilifíse digití i do réigiún
le CI+. Scrobhann craoltóir teilifíse na cláir seo agus díscrobhann
modúl CI+ réamhíoctha iad.
Cuireann craoltóirí teilifíse digití an modúl CI+ seo (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil nuair a liostálann tú lena
scothchláir. Bíonn leibhéal an-ard cosaint cóipe ag na cláir sin.
Déan teagmháil le craoltóir teilifíse digití le haghaidh tuilleadh
eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.
CAM
Cuir isteach modúl CAM
 
 
Cas as an teilifís sula gcuirfidh tú CAM isteach.
Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le feiceáil ar
an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart é, d'fhéadfá
damáiste a dhéanamh don CAM agus don teilifís.
Úsáid sliotán an Chomhéadain Choitianta ar an teilifís chun an
cárta CAM a chur isteach.
Agus tú ag féachaint ar aghaidh an chárta, cuir isteach an CAM
go réidh chomh fada is atá tú in ann.
Fág an cárta sa sliotán go buan.
D'fhéadfadh roinnt nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhófar
an CAM. Díghníomhófar an tseirbhís craolta ar an teilifís má
bhaintear an CAM amach.
Má tá CAM curtha isteach agus má tá na táillí liostála íoctha (tá
bealaí nasctha in ann a bheith éagsúil), is féidir leat féachaint ar an
gcraoladh teilifíse. Is do do theilifís féin go heisiach an CAM atá
curtha isteach.
3.4
Bosca bairr - STB
Úsáid 2 cábla aeróige chun an aeróg a nascadh leis an mBosca
bairr (ar glacadóir digiteach é) agus an teilifís.
Cuir isteach cábla HDMI in aice leis na naisc aeróige chun an
Bosca bairr a nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil
aon nasc HDMI ag an mBosca bairr.
Múch go huathoibríoch
Cas as an t-uaineadóir uathoibríoch seo mura n-úsáideann tú ach
cianrialtán an bhosca bhairr amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo,
casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire
gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
8